Skip to main content
'A Different Wolf' Cork Opera House

Náisiún Ildánach

Is iontach an tír í Éire don tsamhlaíocht, áit a saolaítear smaointe agus a bhfásann siad, tír ar an imeall. Seamus Heaney, Sally Rooney, Hozier, The Gloaming agus Simone Rocha, glúnta d’ealaíontóirí agus de lucht ealaíon na tíre ag múnlú tuiscint nua ar an tír agus ar chruthaíocht na hÉireann.

Is nuálaithe domhanda agus gníomhairí an athraithe iad ealaíontóirí, ailtirí, forbróirí bogearraí agus dearthóirí táirgí na hÉireann i dtithe faisin idirnáisiúnta, comhlachtaí meán nua, amharclanna, pictiúrlanna agus i gcathracha.

D’fhorbair Clár Éire Ildánach, i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus gníomhaireachtaí Stáit atá freagrach as Éire a chur chun cinn thar lear, ireland.ie i mí an Mhárta 2017, mar an tairseach nua d’Éirinn. Tá ár scannán seolta This is Ireland feicthe ag breis is cúig mhilliún duine ar fud na cruinne.

Rinne muid ceapachán an dá ailtire as Éirinn Shelley McNamara agus Yvonne Farrell mar na chéad coimisinéirí Éireannacha ar Thaispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta na Veinéise a chomóradh in 2018 le scannán speisialta ar féachadh air breis is 100,000 uair.

Chuir Clár Éire Ildánach le feasacht agus chuidigh le Tionscnamh Éire Dhomhanda 2025, d’fhonn a chinntiú go n-aithnítear cultúr agus cruthaíocht na hÉireann mar acmhainn a theastaíonn chun cur le clú agus tionchar na hÉireann thar lear.


blue background

Daoine Ildánacha

An Taoiseach Varadkar ar an tábhacht a bhaineann leis an gcruthaitheacht i saol na hÉireann

Léigh an Scéal ar fad
background image

Daoine Ildánacha

Liz Roche: Cruthú na Gluaiseachta maidir leis an Damhsa Comhaimseartha

Léigh an Scéal ar fad

nuacht
litir

Cláraigh don nuachtlitir chun an nuacht agus na himeachtaí is deireanaí maidir le hÉire Ildánach a fháil