Clár cúig bhliana é Éire Ildánach a thugann daoine, cruthaíocht agus folláine le chéile.
Clár uile-Rialtais cultúir agus folláine muid a spreagann agus a athraíonn daoine, áiteanna agus pobail trí bheith cruthaitheach.
Táimid tiomanta don fhís gur cheart go mbeadh an deis ag gach uile dhuine in Éirinn an cumas iomlán cruthaitheach atá acu a bhaint amach.
Bunaíodh Éire Ildánach in 2017, agus d’eascair sé as Éire 2016, tionscnamh stáit chun céad bliain Éirí Amach na Cásca a cheiliúradh, tionscnamh ar éirigh thar cionn leis. A mhéid a ghlac an pobal páirt i mBliain Chomóradh an Chéid chomh maith leis na mílte imeachtaí cultúir a bhain le ceisteanna maidir le féiniúlacht, pobal, cultúr, oidhreacht agus saoránacht a spreag an Clár.
Is trí obair i gcomhar leis an rialtas áitiúil agus náisiúnta, le gníomhaireachtaí cultúir agus fiontair agus le fiontair áitiúla, a chruthaíonn muid bealaí agus deiseanna do dhaoine agus do phobail an cumas cruthaitheachta atá acu a thabhairt chun fíre.
Creidimid i gcumhacht agus i gcumas cruthaitheachta an duine, in eagraíochtaí agus i ranna rialtais a bheith ag obair le chéile, ag roinnt a dtaithí chun smaointe agus gníomh a thionscnamh. Is trínár bhfócas agus trínár gcomhordú a chothóidh muid éiceachóras cruthaitheachta.
Tá an clár bunaithe ar na príomhthéamaí seo: Óige Ildánach, Pobail Ildánacha, Áiteanna Ildánacha, Náisiún Ildánach.