Is í folláine gach uile dhuine atá ina gcónaí in Éirinn an acmhainn is luachmhaire atá againn mar thír. Tugann Clár Éire Ildánach daoine, cruthaíocht agus folláine le chéile.
Is tionscnamh faoi threoir na n-údarás áitiúil é Pobail Ildánacha atá ag déanamh ceannródaíochta ar thionscadail áitiúla sna healaíona, san oidhreacht, i stair áitiúil, i STEAM agus i dtionscail na cruthaitheachta agus ag tacú leo.