Craobhchórais a shníomh – ceangal idir poncanna – cónascadh idir oideachas foirmeálta agus ionaid taobh amuigh den scoil.
Tá an comhar ar cheann de na bunphrionsabail atá de bhonn treise faoin Plean maidir le hAos Óg Ildánach. Tá Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach (CÁÓI) curtha ar bun ar bhonn píolótach i dtrí cinn de limistéir na mBord Oideachais agus Oiliúna (BOO) ar fud na tíre.
Is é bun agus barr na Comhpháirtíochta seo gur craobhchórais iad. Tugann siad deis lón eolais a mhalartú agus an comhar a chothú idir soláthraithe seirbhísí cruthaitheachta don óige sa cheantar ionas go gcruthaítear úsáid níos fearr as na hacmhainní reatha agus leas níos fearr as tionscnaimh sa cheantar.

LCYP – Mountrath Foroige
Tugtar deis leis an gcomhpháirtíocht an comhar a chothú le daoine den aos cruthaitheachta sa cheantar agus cur leis an obair a dhéantar go foirmeálta i dtimpeallacht na scoile. Bheifí ag súil go rachfaí i bhfeidhm taobh istigh de phobal an cheantair maidir le hathrú a spreagadh, bealaí nua oibre a thabhairt chun tosaigh agus bonn daingean a chur faoin oideachas cruthaitheachta agus cultúir ar na mílte de leanaí agus de dhaoine óga na tíre.
Tá comhpháirtíocht phíolótach curtha ar bun i dtrí cheantar:
- Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
- Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise / Uíbh Fháilí
- Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh / an Chláir