Lá náisiúnta cruthaitheachta na hÉireann do leanaí agus do dhaoine óga - deis do chách faoi 18 féith na cruthaitheachta a chur ag obair! Bhí Cruinniú na nÓg 2020 ar siúl Dé Sathairn an 13 Meitheamh.

Cruinniu na nOg 2020
Bhí os cionn 500 ceardlann, seimineár gréasáin, rang agus taispeántas ar siúl ar fud na hÉireann Dé Sathairn an 13 Meitheamh!
Ní fhéadfaí seo ar fad a bheith curtha dínn againn murach obair chrua Chomhordaitheoirí Éire Ildánach na n-údarás áitiúil ar fud na tíre agus murach an tacaíocht a fuarthas ó RTÉ ar a gcuid cainéil ar fad, chomh maith lenár réimse ollmhór de pháirtithe cruthaitheacha.
Bhí éagsúlacht iontach ann maidir lenár ndúshláin chruthaitheacha.
Seo chugaibh cúpla ceann:
Céilí sa chistin a eagrú
Céilí sa chistin a eagrú chun go mbeadh an teaghlach ar fad ábalta a bheith i dteanna Airc Damhsa. Chuaigh Cruinniú ar fud na cruinne lenár líonra ambasáidí ag eagrú céilithe i Meiriceá Thuaidh agus san Áise. Bhaineamar an-sásamh as an gceann sa tSeapáin!

Organising a céili in the kitchen – Japan
Thug Fighting Words agus Great Lighthouses of Ireland cuireadh do scríbhneoirí óga idir 7 agus 12 bliana d’aois a bheith ina gCoimeádaithe Scéil Óga. Baineadh siar asainn nuair a fuaireamar 1,256 scéal, dán, léaráid, liric amhrán agus beochan íomhá ar íomhá fiú. De bharr go bhfuaireamar an oiread sin iarratas cuirfear an saothar iontach seo i láthair in irisleabhar digiteach Coimeádaithe Scéil Óga uile-eagráin sna míonna amach romhainn.
Déan agus cuir d’eitleog féin in airde

Aoibheann O’Neill (12) and Josh McCabe (11) and Josepha Madigan TD at Marley Park. Photo Mark Stedman
Bhí go leor leor deiseanna ann a bheith cruthaitheach agus rud éigin nua a fhoghlaim.
‘Tunes from me gaff’ le Gradam Ceoil Ógánaigh na hÉireann

‘Tunes from me gaff’
Bí i do Chraoltóir Mara’ leis an Ionad Uisceadáin Náisiúnta
Ceardlanna d’amhránaithe agus scríbhneoirí amhrán le Glen Hansard