Skip to main content
Age and Opportunity - National Creativity Fund

Pobail Ildánacha

Faigh tuilleadh amach faoi do chontae féin

Roghnaigh áit

Leas a bhaint as cumas cruthaitheach mhuintir agus phobail na hÉireann atá mar bhunchloch le Clár Éire Ildánach. Bíonn tionchar dearfach ar shláinte agus ar fholláine an duine nuair a ghlacann siad páirt i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha agus cultúir. Tacaíonn sé freisin le comhdhlús sóisialta agus cuireann sé leis an mbraistint chomhuintearais agus leis an mbród atá againn ar fad as a n-áit féin. Tá daoine ó gach cearn den tír ag tarraingt le chéile chun a bpobail, a saol, agus a dtimpeallacht a athrú.

De bharr chomh maith is a d’éirigh leis an gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla do Éire 2016, bhunaigh Clár Éire Ildánach Foireann Cultúir agus Cruthaíochta i ngach aon cheann den 31 údarás áitiúil. Cuimsítear oilteacht tras-earnála ar an bhfoireann lena n-áirítear na healaíona, an oidhreacht, leabharlanna, fiontar, rannpháirtíocht sa phobal, comhoibriú a chothú agus tionscnaimh nua a spreagadh. Ceapadh Comhordaitheoir áitiúil Éire Ildánach i ngach údarás áitiúil chomh maith.  Aimsigh do chomhordaitheoir áitiúil anseo.

Le tacaíocht agus le hinfheistíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil tá gach údarás áitiúil ag cur Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta 2017 – 2022 cúig bliana i bhfeidhm. Rinneadh na straitéisí seo a fhorbairt i gcomhairliúchán le healaíontóirí áitiúla, le lucht na n-ealaíon, le heagraíochtaí cultúir agus oidhreachta, le grúpaí pobail, le hionaid oideachais agus le scoileanna ar fud na tíre.   Léigh do straitéis áitiúil anseo

Rinne muid an taibhfhile Stephen James Smith a choimisiúnú le We Must Create a scríobh mar léiriú ar an am a chaith sé ina ealaíontóir cónaithe i Laois agus chun foilsiú Straitéisí Cultúir agus Cruthaitheachta na n-údarás áitiúil a chomóradh.  Breathnaigh ar Stephen ag cur a dhán i láthair  anseo.

Thacaigh muid le hos cionn 2,500 tionscadal chruthaitheacha ar fud na tíre sa chéad dhá bhliain den Clár.  Tá oidhreacht áitiúil athshamhlaithe ag Pobail Ildánacha ag baint úsáid as suiteáin solais, tá cóir phobail ó ghlúin go glúin agus idirchultúrtha curtha le chéile acu, agus spreag siad na healaíona comhraic agus damhsa comhaimseartha measctha agus go leor eile!

Seo í Catherine Young ag déanamh píosa cainte faoi cheann de na tionscnaimh atá againn faoi Phobail Chruthaitheacha – an Tionscadal Fáilteach iontach i gCiarraí.